URL | https://extrag.ie/ |
---|---|
Cineál | nuachtán ar líne |
Teanga | an Ghaeilge |
Iontráil i seirbhís | 2022 |
Tír | Éire |
Is suíomh Gaeilge nuachta é ExtraG.ie, a chuireann seirbhís nuachta ar fáil do phobal na Gaeilge. Bhí an tseirbhís seolta ag DMG Media, comhlacht príobháideach, ar leo Extra.ie, ar 5 Nollaig 2022.[1][2]
Tá ailt nuachta, siamsaíochta, agus spóirt á bhfoilsiú ar an ardán. Is "aistriúcháin ar na hailt Bhéarla atá ar fáil ar Extra.ie atá i bhformhór mhór na n-alt Gaeilge" ar ExtraG.ie. Bíonn na scéalta i" nGaeilge shimplí" (míchruinn go minic) agus cúpla focal Béarla idir lúibíní do dhaoine nach dtuigeann gach focal, agus "dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge scoile acu”.[3]
Is iad Garett Murphy, príomheagarthóir Extra.ie, agus Joe Breathnach, eagarthóir le DMG agus láithreoir ar Raidió na Life, atá i mbun an tsuímh.[3]
Ar 5 Nollaig 2022, "Ar seoladh an tsuímh ... dúirt Joe Breathnach: Tá an-áthas orm... ag tabhairt an nuacht is déanaí, i nGaeilge shimplí, dúinn siúd a bhfuil grá againn don teanga agus a bhfuil fuath againn don ngramadach. Mar sin más fearr leat Mo Salah ná an Modh Coinníollach, bíonn ExtraG.ie beo...".[1]
Déanann ExtraG.ie cóipeáil agus greamú uaireanta, focal ar fhocal, gan tagairt (mar shampla, ar 6 Feabhra 2023, Nuacht RTÉ[4] agus ExtraG.ie[5]).
I gcásanna eile, tá Gaeilge bhacach ann (comhréir, comhréiteach, litriú, béarlachas, srl).