Bhain Rommel an cháil is mó amach mar cheannasaí ar an arm Gearmánach a throid in aghaidh na Sasanaí san fhásach i dtuaisceart na hAfraice. De bharr a dul chun chinn in aghaidh Montgomery, an ceannaire Sasanach, ghlaodh "Sionnach an Fhásaigh" air. (Gearmáinis: Der Wüstenfuchs). Faoi dheireadh bualadh é ag cath El Alamain.
Chuir Rommel lámh ina bhás fhéin tar éis brú millteanach air ó na Naitsithe. D'fhéach Rommel le Hitler a mharú, is cosúil. Bhí na SS ar tí Rommel a dhúnmharú. Ach b’fhearr le Rommel lámh a chur ina bhás fhéin. Níor dhúirt duine ar bith focal faoi agus adhlacadh Rommel le chuile onóir.