Bhí Degas i measc máistrí ealaíne sa 19ú haois. D’éirigh Degas ina dhuine ba mhó a raibh tionchar aige ar ealaín nua-aimseartha sa chéad leath den fhichiú céad.
Bhain sé leis na hImpriseanaithe agus ghlac páirt ina dtaispeántais (1874–1886). Ghlac Degas leis na prionsabail ghinearálta a bhain leis an Impriseanachas. Ach ag an am céanna d’fhorbair sé a stíl phearsanta féin.
Tar éis do casadh leis na hImpriseanaithe, bheartaigh Degas radharcanna ón ghnáthshaol a phéinteáil, saol na gcaifí. daoine ag obair nó ag ligean a scíth. Rinne Degas cuid mhór pictiúr de bhailéirín. I measc a shaothar cáiliúil tá Danseuse attachent sa chaussure (Damhsóir ag Ceangal a Bróige, c 1878) agus Jockeys sur la pluie (Marcaigh faoin bhFearthainn, 1879).
Sur la plage
Sa phictiúr seo,[1][3][4] léiríonn Degas cailíní áitiúla agus daoine eile atá ar saoire cois trá. Tá an íomhá leacaithe, cosúil leis na greantaí adhmaid as an tSeapáin.
Is féidir na daoine áitiúla a aithint go héasca sa phictiúir seo, mar go bhfuil siad go neamhimníoch agus tuáillí mar éadaigh orthu. Tá craiceann nocht le feiceáil go soiléir faoi bhun na dtuáillí, rud atá i gcodarsnacht leis an gcailín a bhfuil éadach ó bharr go sáil uirthi. Is léir gurb as an gcathair í, agus tá a banseirbhíseach ag cíoradh a cuid gruaige. Leis an ngéarchúis is gnách leis, léiríonn Degas éadaí snámha an chailín ina luí ar an ngaineamh díreach mar atá sí fín ina luí.[5]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.