![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() | ||||
Sonraí | ||||
Cineál | Córas iarnróid do chomaitéirí | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 23 Iúil 1984 ![]() | |||
Tréith | ||||
Staid úsáide | in úsáid | |||
Tomhas | 53 (![]() | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Baile Átha Cliath, Éire | |||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Iarnród Éireann | |||
Oibreoir | Iarnród Éireann | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | irishrail.ie | |||
Is córas traenach áitiúil do cheantar Bhaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann é Mearlíne Átha Cliath, ar a dtugtar DART de ghnáth (ón mBéarla Dublin Area Rapid Transit).
Ritheann an DART ó Bhré i dtuaisceart Chontae Chill Mhantáin go Binn Éadair agus Mullach Íde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Stiúrann Iarnród Éireann atá mar chuid den eagras Córas Iompair Éireann, an DART. Is é an t-aon córas traenach leictreach sa tír.
Is furasta gan táille a íoc sa chuid is mó de stáisiúin Dart i mBaile Átha Cliath agus turas traenach a dhéanamh saor in aisce. Easpa maoirseachta i stáisiúin bheaga Dart is cúis leis an rogha a bheith ag paisinéirí an táille a íoc nó gan a híoc. Coinnítear bacainní leictreonacha oscailte ar na saolta seo le haghaidh daoine a bhfuil pasanna saorthaistil acu, go háirithe daoine faoi mhíchumas.[1]
Osclaíodh an DART ar an 23 Iúil 1984 mar chomharba ar chóras traenach díosail a bhí as dáta le fada.
Rinne infheistíocht ann faoi Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN), na hÉireann, 2002-2011. Ceannaíodh carráistí nua, agus tógadh stáisiúin agus ardáin nua.
Ó thuaidh ó Ghabhal Bhinn Éadair