Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Muintir | |
Siblíní | Sobhairce |
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Cearmna Fionn (Sean-Ghaeilge Cermna[1] Finn) mac Ebric agus seanfhionnó Mhíl Espáine, le chéile lena dheartháir Sobhairce.[2]
Tháinig an bheirt i gcoróin tar éis do Chearmna an t-iar-rí, Eochaid Étgudach a mharú i rith catha ag Teamhair. Má chéad ard-ríthe de shliocht na nUladh ab ea iad. Roinn siad an tír eatarthu, le teorainn idir Droichead Átha agus Luimneach.[3] Bhí Cearmna i réim sa deisceart óna cheanncheathrú Dún Chearmna, aitheanta ag Seathrún Céitinn mar Dún Mhic Phádraig[4] i gCionn tSáile, Contae Chorcaí; agus Sobhairce sa tuaisceart as Dún Sobhairce, Contae Aontroma).
Bhí siad i réim ar feadh daichead bliain. Fuair Cermna bás i rith cath Dhún Chearmna, maraithe ag Eochaid Faebar Glas, mac an iar-ard-rí, Conmáel. Fuair Sobhairce bás sa bhliain chéanna, maraithe ag Eochaid Menn, mac rí na bhFomhórach.
Réamhtheachtaí Eochaid Étgudach |
Ard-Rí na hÉireann (le Sobhairce) ACM 1533-1493 BC FFE 1155-1115 RC |
Comharba Eochaid Faebar Glas |