Infotaula de personaCaireann
Beathaisnéis
Bás5 haois
Teaghlach
CéileEochaid Mugmedon Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNiall Noígíallach Cuir in eagar ar Wikidata

Iníon seanscéalach rí na nAngla-Shacsanach, Sachall Balbh, ba ea Caireann Chasdubh. Bean chéile Ard-Rí na hÉireann, Eochaid Mugmedón, agus máthair Níall Naoighiallach ba ea í.

Bhí éad ar chéad bhean chéile Eochach, Moingfhionn, agus Caireann torrach. Chuir sí iachall ar Chaireann sclábhaíocht a dhéanamh, ag súil go gcaille sí an leanbh, ach rugadh é in aice tobair agus uisce á tharraingt aici. De bharr eagla roimh Mhoingfionn, d'fhág sí an leanbh gan chaint ar na héin, ach rinneadh tarrtháil air agus tugadh é ag file darbh ainm Torna. Agus an páiste Niall fásta, d'fhill sé ar Theamhraigh, scaoil sé saor a mháthair óna sclábhaíocht, agus d'éirigh in am trátha ina Ard-Rí.[1][2]

De réir an seanchais, fuair Niall bás tuairim is tús na 5ú haoise, cé go molann staraithe an lae inniu gur mhair sé leath haois níos deireanaí.[3]. Ar aon chuma, is mí-aimseartha é gur Shacsanach í a mháthair. Molann O'Rahilly ámh go bhfuil an t-ainm Caireann fréamhaithe ó ainm na Laidine, Carina, agus go bhfuil sé inchreidte gur Rómhán-Briotanach í.[4] Go deimhin, níor mhaígh Seathrún Céitinn gur Shacsanach í, ach ina áit sin gurb í "inghean ríogh Breatan".[5]

Tagairtí

  1. Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eag.), "The Adventures of the Sons of Eochaid Mugmedon", Ancient Irish Tales, 1936, ll. 508-513
  2. Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eag.), "The Death of Niall of the Nine Hostages", Ancient Irish Tales, 1936, ll. 514-517
  3. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, dara heagrán, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2001, Cuid 5
  4. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, 1946, Chapter 12
  5. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn,1.48