Is riocht an-choitianta é an t-asma (nó an múchadh nó an plúchadh), fadtéarmach go minic, a chuireann isteach ar na haerbhealaí – na feadáin bheaga a iompraíonn aer isteach sna scamhóga agus amach astu.[1] Nuair a éiríonn an t-asma ina ghalar ainsealach, cúngaíonn na píobáin anála nó na broncais sna scamhóga. Mar thoradh air sin, bíonn an-deacracht ar an duine bheith ag análú, ach go háirithe le heispioráid (easanálú).
Istigh sna scamhóga tá feadáin bhídeacha a leathann amach ar a dtugtar aerbhealaí a iompraíonn aer isteach in aershaic bheaga (nó ailbheolaí) agus amach astu agus ocsaigin á malartú do dhé-ocsaíd charbóin. Laistigh dá mballaí tá matáin ag na haerbhealaí (nó feadáin bhroinceacha) agus ciseal de líneáil. I gcás asma, éiríonn na haerbhealaí níos cúinge ná mar is gnách agus dá bhrí sin tá sé níos deacra don aer dul isteach sna scamhóga agus leis an aer a easanálú.[1]
D’fhéadfadh aerbhealaí atá mothálach agus athlasta a bheith ag leanaí agus daoine óga a bhfuil asma orthu. Is féidir le rudaí a spreagann tús leis an riocht seo cur isteach ar na haerbhealaí seo.
Fáisceann na matáin timpeall bhallaí na n-aerbhealaí agus éiríonn na haerbhealaí níos cúinge. Athlasann líneáil na n-aerbhealaí agus atann sí. Go minic bíonn múcas greamaitheach nó réama ann.[1]
Tá éagsúlacht sa chineál asma a bhíonn ar dhaoine. Cé go bhféadfadh casacht nó cársán anois is arís, d’fhéadfadh siomptóim níos troime a bheith ag daoine eile. I gcásanna áirithe an t-aon siomptóm asma a d’fhéadfadh a bheith ann ná an chasacht.
Tá carsán ar cheann d'airíocha an asma. Éiríonn an traicé, na broincíní, na broincíní scamhógacha is na duchtanna ailbheolacha isteach sna hailbheolais féin, an-íogair.[2] Laghdaíonn an trastomhas i gcás gach ceann de na píobáin sin. Is mar thoradh air sin a tharlaíonn an giorra anála is an anacair.
Is measa a bhíonn plúchadh san oíche ná sa lá, dála a lán breoiteachtaí, agus is measa sa gheimhreadh ná sa samhradh é ag na daoine go leanann sé orthu. Leanann seordán an múchadh.
An té a mbíonn asma air bíonn a anáil dá bhaint de uaireanta.
Ní raibh asma forleathan i 1900 (bhí an eitinn ann). Ach sa bhliain 2004, bhí an galar ag timpeall 150 milliún duine ar fud an domhain, agus faigheann timpeall 180,000 duine bás dá bharr sa domhan gach bliain.
I Meiriceá bhí sé ag 7.3% den phobal faoi 18 mbliain d'aois in 2008, agus 4.9% den phobal os a chionn sin.[2] I 1980-1995 d'éirigh na céatadáin sin 3.8% is 2.6% faoi seach. Tá sé ag scaipeadh ina eipidéim, go mór mór i dtíortha forbartha an iarthair. Is mó an seans go mbeidh an plúchadh ag páiste bheirt tuismitheoirí a bhfuil an galar acu, ach ní leor é sin chun an méadú ar tharlú an ghalair a mhíniú.
Tá éagsúlacht sa chineál asma a bhíonn ar dhaoineː[2]
Meastar go bhfuil baint éigin leis ag an gcaoi a bhfanann páistí istigh sa teach níos mó, agus a nochtar iad an iomarca d'ailléirginí an teaghlaigh: fíneoga an deannaigh, sail chnis an chait is eile. Tá truailleáin san aer a chuireann tús leis freisin.[2] I ndaoine fásta, spreagann ionfhabhtuithe taomanna asma go minic.
Is deacair an gearán céanna a leigheas ar fad, ach is gnáthach go bhfaigheann daoine a saol leis. Ní gearán marfach é de ghnáth. Léiríonn an taighde go bhfuil an líon daoine a bhásaíonn mar gheall ar asma ag dul i méid.[3]
Bíodh is gur casta an galar é agus cúiseanna éagsúla leis, tugann córacha leighis atá bunaithe ar stéaróidigh a ionanálaítear an-fhaoiseamh. Ach ní mór an chóir leighis chomh maith leis an ngléas ionanálaithe a bheith ag duine nuair a bhíonn gá leo.
Déanann aclaíocht agus gníomhaíocht choirp maitheas do gach duine, leanaí nó daoine fásta a bhfuil asma orthu.
Ceiliúrtar Lá Domhanda Feasachta ar Asma ar an chéad Máirt de mhí na Bealtaine.[4]
Tá ag méadú ar líon na gcásanna in Éirinn le déanaí. Áirítear go raibh 470,000 duine ag fulaingt le hasma in Éirinn sa bhliain 2018.[3] I mBaile Átha Cliath, measadh go raibh gnéithe éigin den ghalar seo ag níos mó ná 20% de pháistí d'aois 13-14 sa bhliain 2009.[2]
De ghnáth is féidir le daoine óga an t-asma a rialú go héifeachtach trí na rudaí aitheanta a spreagann tús leis an riocht a sheachaint agus tríd an leigheas oiriúnach a thógáil agus an teicníc cheart in úsáid. Ach léiríonn staidéar sa bhliain 2019, a bhí foilsithe ag Cumann Asma na hÉireann, nach raibh aon smacht ag formhór na ndaoine a raibh an plúchadh ag dul dóibh. Tá an Cumann ag iarraidh go leanfadh gach duine a bhfuil asma ag dul dóibh na treoracha atá eisithe le dul i ngleic le taomanna plúchta.[3]
Is clár tacaíochta féinbhainistíochta sé seachtaine é Beating Breathlessness a sheachadtar trí théacs chomh maith le seirbhís teachtaireachtaí meandracha pearsantaithe faoi stiúir altra a sheachadtar tríd an ardán WhatsApp.[5] Cuideoidh Beating Breathlessness le daoine a riocht a thuiscint agus a bhainistiú níos fearr.
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |