Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Meán Fómhair 1931 Mumbai, An India |
Bás | 2 Meitheamh 1987 55 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Críostaí |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | St. Stanislaus School (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, síceolaí, fealsamh, diagaire, sagart |
Teangacha | Béarla |
Ord crábhaidh | Cumann Íosa |
Sagart Íosánach agus síciteiripeoir ón India ba ea Anthony de Mello (nó Tony de Mello mar a raibh aithne air freisin) a rugadh i Mumbai (Bombay ag an am) ar 4 Meán Fómhair 1931.
Tógadh de Mello mar Chaitliceach agus bhí fonn air ón am a bhí sé óg a bheith ina shagart Íosánach.
Ag aois a 16, chuaigh de Mello isteach i gCumann Íosa i gcliarscoil Vinalaya, lasmuigh de Bombay. Rinne sé stáideár ar an bhfealsúnacht sa Spáinn i 1952. Ina dhiaidh sé seo chuaigh sé ar ais go dtí an India chun staidéar a dhéanamh ar an diagacht i gColáiste De Nobili in Pune.
Oirníodh ina shagart é i 1961. Tar éis dó filleadh ar an India, chaith sé roinnt blianta ag obair sna cliarscoileanna, agus i 1968 rinneadh reachtaire cliarscoil Vinalaya de.
Bhunaigh sé an Institute of Pastoral Counselling i 1972, a ainmníodh Sadhana Institute ó shin i leith, i Poona san India.
Scríobh de Mello a chéad leabhar Sadhana – A Way to God i 1978.
Fuair Anthony de Mello bás le taom croí i Nua-Eabhrac i 1987. Bhí sé 55 bliana d'aois.