Bunús | |
---|---|
Gastranómachais | Algerian cuisine (en) , cócaireacht na Rúise, Ukrainian cuisine (en) agus cócaireacht na Fraince |
Sonraí | |
Cineál | mias agus minestra |
Príomh-chomhábhair | glasra, spíosra, anraith, leacht agus dressing (en) |
Anraith nó súp a tugtar ar an uisce ina mbeirítear feoil úr, glasraí nó rud inite eile. Cuirtear oinniúin agus glasraí agus luibheanna tríd an anraith go minic. Déanann siad é a thiúchaint agus tugann siad blas air. Cuirtear piobar agus salann, leis, air, agus uaireanta cuirtear beagán plúir nó mine coirce nó eornán tríd an anraith. Táid ar fheabhas chun é a thiúchaint agus tugaid blas, leis, air.
Deintear anraith as glasraí nó as meacain, leis. Bíonn anraith glasraí ann, anraith trátaí, anraith prátaí, anraith piseánach, anraith beacáin, agus mar sin de, do réir an ábhair go ndéantar as é. Tá anraith maith tiubh ar fheabhas, chun duine do théamh san aimsir fhuar.
Is síol faoin bhia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |