![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Aibreán 1948 76 bliana d'aois Sydney, New South Wales ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Sydney Sydney Teachers College (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir, foilsitheoir ![]() |
Suíomh gréasáin | annacouani.com%20Anna%20Couani ![]() |
File Astrálach, eagarthóir agus amharcealaíontóir is ea Anna Couani (1948-).
Rugadh Anna Couani in Sydney in 1948 agus í ar an bpáiste ba shine de cheathrar clainne de John Couani agus de Stefania Siedlecky, dochtúirí. Ba de shliocht Polannach agus Breatanach a máthair agus ba de shliocht Gréagach a hathair.[1] Rinne sí staidéar ar ailtireacht ag Ollscoil Sydney agus fuair MA i mBéarla a Mhúineadh mar Theanga Neamhdhúchasach ó Ollscoil Teicneolaíochta Sydney.[1] Ina saothar go léir tá aird aici ar ghnéithe imeallaithe de shaol na mban.
Bhí suim aici in ealaín choincheapúil agus rinne sí caidreamh le healaíontóirí agus scríbhneoirí ceannródaíocha eile. Thosaigh sí ag scríobh filíocht phróis i lár na 1970idí agus d’fhoilsigh an chéad chnuasach aici, Italy, in 1977. Tháinig spéis aici i bhfoilsitheoireacht mhionphreasa agus chuir an tsraith leabhar Sea Cruise Books amach anuas go dtí 1989, ag foilsiú filíocht le Couani, Kris Hemensley, Joanne Burns agus eile. Bhí lámh aici i mbunú chraobh Sydney den Poets’ Union ach ba dhóigh léi go raibh sí claonta in aghaidh aigne na mban, agus in 1978 chuidigh leis an Sydney Women Writers Workshop a bhunú. Sna 1980idí d’fhoilsigh sí chnuasaigh eile, leithéidí Were all Women Sex Mad? and other stories (1982), The Train (1983) agus The Harbour Breathes (1989). Tháinig a húrscéal The Western Horizon amach mar shraithscéal san iris HEAT idir 1996 agus 2000. Tugtar gearrfhicsean nó filíocht phrós ar a saothar, ach tá claonadh aici chun na difríochtaí sin a mhaolú.[1]
Filíocht
Eagarthóireacht