Is ollchomhlacht ríomhthráchtála é Amazon, Inc, ar cheann de na comhlachtaí siopadóireachta agus teicneolaíochta ilnáisiúnta is mó ar domhan. Bhunaigh Jeff Bezos an comhlacht ar 5 Iúil, 1994 i Bullueve, Washington. Deirtear gurb é Amazon an margadh is mó ar líne ar domhan..
Tá 1.6 milliún duine fostaithe go lánaimseartha agus go páirtaimseartha ag Amazon ar fud an domhain sa bhliain 2022. Ach thug an comhlacht le fios le linn an samhraidh 2022 go rabhthas le bac a chur ar earcaíocht go ceann roinnt míonna.[1]
Cé gur mór an scrios atá déanta ag an gcoróinvíreas sna blianta 2020-2022, bhí comhlacht amháin a bhuail an t-iarann go háirithe nuair a bhí sé te – Amazon.
Ach i mí na Samhna 2022, bhí sé beartaithe ag Amazon thart ar 10,000 duine a ligean chun siúil ó rannóga corparáideacha agus teicneolaíochta an chomhlachta gan mhoill. Ansin i mí an Mhárta, chinn Amazon le 9,000 oibrí eile a ligean chun siúil (daoine sna rannóga seirbhísí ar líne, acmhainní daonna, fógraíochta agus cluichíochta is mó).[2] Dúirt príomhfheidhmeannach Amazon, Andy Jassy, go ndearnadh an cinneadh tuilleadh oibrithe a scaoileadh chun bealaigh mar go gcaithfeadh an comhlacht fuineadh de réir na mine i bhfianaise na héiginnteachta eacnamaíochta a bhí ann.
Sa bhliain 2023, bhí €746 milliún d'fhíneáil gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Lucsamburg ar Amazon faoin dlí a shárú.[3] Bhí Amazon ag aistriú sonraí pearsanta ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá.[4][5]