I miotaseolaíocht agus ginealaigh na nGael, iníon Aonghasa Bhoilg, rí na nDáirine nó na Corca Laidhe ab ea Aimeann (Sean-Ghaeilge Aimend). Phós sí Conall Corc, bunaitheoir rítheaghlach na nEoghanacht, agus dá bharr is sinsear an "chiorcail laistigh" í de theaghlaigh na nEoghanacht Caisil, na nEoghanacht Gleanndamhnach, agus na nEoghanacht Áine, a bhunaigh an ríocht chumhachtach ag Caiseal.
Tá sonraí le fáil ina scéal a thugann le fios gur bhandia í ó thús.[1]
Is amhlaidh go bhfuil an t-ainm fréamhaithe ón bPrótai-Cheiltis *aidu-mandā, le brí litriúil 'smál dó', nó b'fhéidir forfhocal le haghaidh 'dó gréine’.[2] As Rómhán-Breatnais, bheadh an leagan is dócha *Aedumanda.[3]