7Cineál uimhir phríomha , uimhir phríomha Mersenne , uimhir aiceanta , uimhir chorr , centered hexagonal number (en) , centered octahedral number (en) , uimhir heipteagánach , hexagonal pyramidal number (en) , Woodall number (en) , double Mersenne number (en) , uimhir Cantor , uimhir Mersenne , uimhir phríomha n!±1 , slánuimhir neamhdhiúltach , uimhir Niven , primorial prime (en) agus Euclid number (en) Luach 7 Uimhir Rómhánach VII Dénártha 1112
Is é 7 (seacht ) an uimhir nádúrtha tar éis 6 agus roimh 8 .
Uimhir í a cheanglaítear leis an ádh uaireanta, agus a úsáidtear chun treisiú a chur in iúl, mar shampla "Mo sheacht mallacht ort."
Seacht na Gaeilge
Tá cumhacht ar leith bainteach leis an uimhir seacht sa Ghaeilge, go háirithe, agus feictear é sa bhéaloideas agus sna nathanna cainte.
Tá seacht gcúraimí an tsaoil air
Tá seacht ngalair an tsléibhe air
Seacht n-iontais an domhain
Tá na seacht sraith ar an iomaire aige
Seacht dtíolacthaí an Spioraid Naoimh
Seacht mallacht
Seacht mbeannacht
Seacht seachaint
Seacht suáilce na Maighdine Muire
Seacht ndólás na Maighdine Muire
Na seacht gcinnpheacaí marfacha
Na seacht teampaill
Teampaill na seacht n-iníon
Na seacht síogaí
Seoid na seacht réalt (Bram Stoker )
Tá na seacht dteangacha aige
Seacht gcatha na Féinne
Na seacht mbás le pianta
Chuir sé na seacht ndath de féin
Tá a seacht ndóthain le rá acu
Lá na seacht síon
Do sheacht ndóthain le déanamh agat
Go mba seacht bhfearr a bheidh tú bliain ó inniu
Tá na seacht n-aithne agam air
Le cuimhne na seacht nduine, na seacht sinsear
Seacht máchailí an tsléibhe
Tá mo sheacht sáith agam
Na seacht saoithe
Na seacht seanóirí
Mo sheacht sinsear
Seacht n-uaire níos fearr
Mo sheacht ndícheall
Is síol a bhaineann leis an matamaitic é an t-alt seo. Cuir leis , chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.